Rudaí nua le haghaidh 2010
In 2009 rinneamar roinnt athruithe i dtionscnamh Greenwave a chuir feabhas mór le cruinneas na sonraí tábhachtacha a bhailíonn tú nuair a chláraíonn tú do chuid amharc de na sé speiceas. Leanaimid ar aghaidh leis na hathruithe i mbliana.
Clárú Oifigiúil agus Amhairc
- Nuair a chuireann tú d'amhairc chugainn is é an t-athrú is mó a thabharfaidh tú faoi deara go n-iarrfaimid ort 'Clárú Oifigiúil' amháin le haghaidh gach ceann de na sé speiceas a bhfuil baint acu leis an tionscnamh. Cabhróidh seo linn chun feabhas a chur ar chruinneas na n-amharc a fhaighimid. Ar ndóigh, is féidir leat a oiread amharc agus is féidir leat a dhéanamh, mar shampla, is féidir leat cur síos a dhéanamh ar chlaochlú síol froganna go froganna fásta.
- Nuair atá tú ag cur Clárú Oifigiúil déanfaimid roinnt seiceála air le bheith cinnte nach bhfuil an dáta róluath nó rómhall sa séasúr nuair a chuireann tú chugainn é.
- Má shílimid go bhfuil an dáta rud beag níos luaithe ná de ghnáth iarrfaimid ort go macánta chun an t-amharc a chinntiú arís.
Léarscáil Amharc
Téigh ar chuairt chuig Léarscáil Amharc chun na hamhairc uile a fheiceáil atá logáilte le haghaidh gach ceann de na speicis go dtí seo.
Tá an leathanach seo beo anois! Tá na hamhairc ag teacht isteach agus tá clárú á dhéanamh sa dóigh is gur féidir leat féachaint ar an amharc is déanaí má chliceálann tú ar an nasc.
Taifead an Ghaoth
This year we are introducing a new Anemometer task which will allow you to take a simple measurement of the wind speed at your school.
Le tuilleadh sonraí a fháil, feic leathanach na dtreoracha
Focal scoir
Go raibh maith agat as páirt a ghlacadh sa tionscnamh Greenwave. Go raibh Earrach Maith agat agus lean ar aghaidh ag cur do ghrianghraif agus gach rud eile chugainn.