Home
 English Gaeilge 

Nua do 2009

Cuir amhairc chugainn

I mbliana tá roinnt athruithe déanta againn sa tionscnamh Greenwave agus sílimid go cuirfidh siad feabhas mór le cruinneas na sonraí tábhachtacha a bhaileoidh tú nuair a chláraíonn tú na hamhairc de na sé speiceas atá agat.

Clárú Oifigiúil agus Amhairc

  • Nuair a chuireann tú d'amhairc chugainn is é an t-athrú is mó a thabharfaidh tú faoi deara go n-iarrfaimid ort 'Clárú Oifigiúil' amháin le haghaidh gach ceann de na sé speiceas a bhfuil baint acu leis an tionscnamh. Cabhróidh seo linn chun feabhas a chur ar chruinneas na n-amharc a fhaighimid. Ar ndóigh, is féidir leat a oiread amharc agus is féidir leat a dhéanamh, mar shampla, is féidir leat cur síos a dhéanamh ar chlaochlú síol froganna go froganna fásta.
  • Nuair atá tú ag cur Clárú Oifigiúil déanfaimid roinnt seiceála air le bheith cinnte nach bhfuil an dáta róluath nó rómhall sa séasúr nuair a chuireann tú chugainn é.
  • Má shílimid go bhfuil an dáta rud beag níos luaithe ná de ghnáth iarrfaimid ort go macánta chun an t-amharc a chinntiú arís.


Léarscáil Amharc

Féach na hamhairc

Téigh ar chuairt chuig Léarscáil Amharc chun na hamhairc uile a fheiceáil atá logáilte le haghaidh gach ceann de na speicis go dtí seo.

Tá an leathanach seo beo anois! Tá na hamhairc ag teacht isteach agus tá clárú á dhéanamh sa dóigh is gur féidir leat féachaint ar an amharc is déanaí má chliceálann tú ar an nasc.


Tasc Tomhas Baistí

Féach ar shonraí

D'éirigh le tasc teochta chomh maith sin anuraidh go bhfuilimid ag tabhairt tasc tomhas baistí isteach sa dóigh is gur féidir le do scoil páirt a ghlacadh ann.

Chun sonraí iomlána tasc tomhas baistí a fháil féach ar roinn an tsuímh 'Conas páirt a ghlacadh.'


Focal scoir

Go raibh maith agat as páirt a ghlacadh sa tionscnamh Greenwave. Go raibh Earrach Maith agat agus lean ar aghaidh ag cur do ghrianghraif agus gach rud eile chugainn.