Tasc Méadar Báistí
Is ceann de na poist is tábhachtaí sa mheitéareolaíocht (eolaíocht na haimsire) é tomhas báistí. Gach lá, timpeall an domhain, téann na mílte breathnóirí amach chuig a méadar báistí agus folmhaíonn siad an bháisteach isteach i sorcóir grádaithe chun tomhas a dhéanamh ar an méid báistí a thit – díreach mar is féidir leatsa a dhéanamh i mbliana le turgnamh Greenwave. Thíos tá na treoracha ann ar conas méadar a dhéanamh agus ar conas an t-imscrúdú a dhéanamh.
Conas báisteach a thomhas
Ar mhaith leat a fheiceáil conas méadar báistí a dhéanamh?
Tá daltaí ó Scoil Náisiúnta Naomh Agnes i gCromghlinne ag féachaint ar Gerald Fleming mar a thaispeánann sé dóibh conas méadar simplí báistí as gnáthábhair. Féach ar an bhfíseán seo le fáil amach conas do mhéadar báistí féin a dhéanamh agus ansin is féidir leat do thomhais féin a chur chuig an suíomh gréasáin.
Ábhair
N.B. Le go mbeadh fiúntas eolaíoch leis an turgnamh seo caithfidh tú úsáid a bhaint as an trealamh seo a leanas:
- Buidéal folamh 2 litir (déanfaidh tú tonnadóir de seo)
- Steallaire plaisteach 10ml (ar fáil sa phoitigéir áitiúil) NÓ sorcóir grádaithe 100ml
- méadairshlat
- Sreang
- Soitheach chun an bháisteach a bhailiú (m.sh. próca glan suibhe)
Treoracha
- Tomhais 34cm de shreang ar do mhéadarshlat
- Cuir an tsreang seo (34cm) timpeall bhuidéal an 2 litir, gearr barr den bhuidéal ag an bpointe seo, is é an chuid seo do thonnadóir anois. Ba chóir go mbeadh cuma ar an tonnadóir mar atá le feiceáil anseo.
- Cuir an tonnadóir isteach i do phróca agus cuir é taobh amuigh in áit nach dtitfidh sé síos, agus mura bhfuil foscadh os a cionn. Go hidéalach ba chóir go mbeadh sé 5 mhéadar amach ón bhfoirgneamh/gcrann nó struchtúr is cóngaraí. Déan cinnte go bhfuil sé in áit nach féidir le madraí, cait (nó páistí) é a leagan de thaisme. Más mian leat, is féidir leat é a chur i mbuicéad plaisteach agus is féidir leat gaineamh/clabar a chur thart air.
- Ag 9.30am gach lá, bain úsáid as an steallaire plaisteach nó as an sorcóir grádaithe chun an méid báistí atá sa phróca a thomhas. Nuair atá tú críochnaithe leis an tomhas, is féidir leat an t-uisce a chaitheamh amach sa dóigh agus go bhfuil an próca folamh agus go mbeidh sé réidh chun báisteach a bhailiú don chéad lá eile!
- Chun comparáid a dhéanamh, beidh ort seo a athrú go millilítir: roinn an figiúr ar 9.2. Slánaigh an toradh chuig dhá ionad dheachúlacha. Logáil do léamh laethúil ar do chairt bhalla le feiceáil cén athrú a thagann ar an mbáisteach ó lá go lá, agus ag deireadh na seachtaine ríomh agus líon isteach báisteach iomlán na seachtaine agus ansin cuir do léamha isteach ag baint úsáide as roghchlár Mo Greenwave.