An t-eolas uile atá uait faoi na sé speiceas Greenwave, is féidir leat e a fháil thíos.
Is ceann de na comharthaí is luaithe den earrach é nuair a fhaigheann tú síol froganna agus is féidir leis bheith ann go luath i mí na Feabhra.
Músclaíonn froganna as geimhreachas nuair a thagann an t-earrach agus téann siad díreach chuig ann linn nó an díog mar a rugadh iad chun síol froganna a dhéanamh.
Fásann sabhaircíní i ndíoga, i bhfáil, ar bhruacha féarmhara agus imill coillte.
Go luath i mí na Feabhra féach ar fháil agus ar bhruacha le haghaidh duilleoga sabhaircíní, féach go háirithe ar áiteanna a bhfuil a n-aghaidh ó dheas. Nuair a fhaigheann tú iad féach orthu gach lá go dtosaíonn na bláthanna ag fás orthu.
Itheann fáinleoga feithidí, agus beireann siad orthu ina ngob mar a eitlíonn siad tríd an aer. Níl aon fheithidí san aer anseo sa gheimhreadh, mar sin de eitlíonn na fáinleoga go tír the san Afraic, áit a bhfuil go leor díobh ann. Ach sa samhradh tá na laethanta níos faide anseo in Éirinn ná san Afraic, mar sin de filleann na fáinleoga anseo chun pórú. Tá go leor ama acu chun na cinn óga a chothú toisc go bhfuil na laethanta níos faide.