Snáitheanna curaclaim
Snáithe - Dúile Beo
Snáithaonad - Plandaí agus Ainmhithe
Scileanna - Breathnóireacht, Rangú, Pátrúin a thabhairt faoi Deara, Ag Tuar agus ag Tomhas, Ag Taifeadadh agus ag Cur in Iúl
Coincheapa - Meabhraíonn teacht an Earraigh athrú sa domhan Nádúrtha. Briseann plandaí ón tsuanacht, dúisíonn ainmhithe ón ngeimhriú, imíonn éin ar imirceadh. Cuireann breis solas lae agus ardú teochta dlús leis na himeachtaí seo.
Cúlra- Tá teocht an domhain ag ardú le cúpla scór bliain anuas agus tagann an tEarrach níos luaithe sa bhliain. Is léir go mbíonn an tEarrach tagtha nuair a thagann duilleoga ar na crainn, agus ina dhiaidh sin ainmhithe ag dúiseacht ón ngeimhriú agus éin ag teacht ó thíortha níos teo chun pórú. Is féidir tomhas eolaíochta a dhéanamh nuair a thugtar faoi deara cén uair a thagann duilleoga ar speiceas áirithe crainn. Is féidir taifead a fháil trí scrúdú a dhéanamh ar an speiceas céanna gach bliain agus comparáid a dhéanamh ó bhliain go bliain. Má fhaightear dóthain taifead is féidir teacht an Earraigh a mhapáil i rith thréimhse seachtainí.
Acmhainní - An t-ábhar atá ar fáil ar an suíomh idirlín seo.
Modheolaíochtaí
Fiosraigh smaointe na bpáistí - ceistiú agus mapáil coincheap.
Cad é an tEarrach? Cad a léiríonn teacht an Earraigh? Cén t-údar atá ag na rudaí seo?
Teicneolaíocht an Eolais - Íoslódáil an tionscnamh Greenwave ón suíomh idirlín seo.
Cad atá i gceist? Cad iad na speicis a bhfuiltear ag déanamh taifead orthu an bhliain seo? Cé mhéad acu a ghlacfaidh an rang mar chúram orthu féin?
Is iad an Crann Cnó Capaill, an Fhuinseog agus an Sceach Gheal na crainn.
Is é an Sabhaircín an bláth.
Is í an Fháinleog an t-ainmhí.
An bhfuil eolas ag na páistí ar gach ceann acu seo?
Turas allamuigh chun teacht ar na crainn a bhféachfar orthu do chomharthaí an Earraigh.
Ba cheart tabhairt faoin turas allamuigh seo chomh luath agus is féidir ach ag tús mhí an Mhárta ar a dhéanaí chun teacht ar Chrann Cnó Capaill, ar Fhuinseog agus ar an Sceach Gheal. Féach ar na sonraí ar an ábhar a bhaineann le Greenwave chun comhairle chabhrach a fháil. Fásann sabhaircíní ar dtús ar bhruacha féarmhara ag féachaint ó dheas.
Cuir sceideal i dtoll a chéile chun súil a choinneáil amach do chomharthaí an Earraigh.
Cé a dhéanfaidh é? Cé chomh minic is a dhéanfar seiceáil ar gach ceann?
Cuir isteach na torthaí mar atá léirithe ar an ábhar a bhaineann le Greenwave.
Tá sé an-tábhachtach na torthaí a chur isteach le dáta agus áit gach comhartha nuair a tugadh faoi deara ar dtús é. Sa tionscnamh seo tomhaistear AN UAIR ar tugadh an comhartha seo faoi deara i do cheantarsa ionas gur féidir comparáid a dhéanamh le ceantair eile.
Coinnigh cóip do thaifid na scoile.
Má rinne tú an tionscnamh seo an bhliain seo caite beidh torthaí dhá bhliain anois agat don Chrann Cnó Capaill agus don Sceach Gheal.
Snáithe - Feasacht agus Cúram Imshaoil
Snáithaonad - Feasacht imshaoil
Scileanna - Breathnóireacht, Rangú, Pátrúin a thabhairt faoi Deara, Ag Tuar agus ag Tomhas, Ag Taifeadadh agus ag Cur in Iúl
Coincheapa - Breathnóireacht, Rangú, Pátrúin a thabhairt faoi Deara, Ag Taifeadadh agus ag Cur in Iúl, Ag Measúnú
Cúlra - Bíonn tionchar ag iompar daoine ar an domhan ina mairimid. Tá athrú ag teacht ar an aeráid toisc go bhfuil daoine ag scaoileadh go leor Dé-Ocsaíd Charbóin isteach san atmaisféar trí bhreoslaí iontaise a dhó. Coinníonn Dé-Ocsaíd Charbóin san atmaisféar teas a fhaightear ón ngrian. Tá leibhéal seasmhach Dé-Ocsaíd Charbóin ann leis na mílte bliain agus bhí réim shocair aeráide ann. Le tuairim is dhá chéad bliain anuas, áfach, tá daoine ag dó níos mó agus níos mó breoslaí iontaise agus dá bharr seo tá ardú de 40% tagtha ar an leibhéal Dé-Oscaíd Charbóin san atmaisféar. Úsáideann iompar, tionsclaíocht, teas agus giniúint cumhachta breoslaí iontaise. Tá an tEarrach ag teacht níos luaithe agus tá an fiadhúlra ag freagairt don athrú seo. Sa tionscnamh seo bailítear eolas chun an t-athrú seo a thomhas.
Acmhainní - An t-ábhar atá ar fáil ar an suíomh idirlín seo.
Modheolaíochtaí
Fiosraigh smaointe na bpáistí - ceistiú agus mapáil coincheap.
Cad a théann an domhan? Cén fáth a bhfuil ceithre shéasúr ann? Conas a fhreagraíonn plandaí agus ainmhithe do na séasúir seo?
Fadú an lae agus ardú teochta a léiríonn teacht an Earraigh. Rialaítear fad an lae trí ghluaiseacht an phláinéid seo ar a ais agus timpeall na gréine uair sa bhliain. Níl aon neart ag ag gcine daonna air seo. Tá tionchar ag an leibhéal de Dhé-Ocsaíd Charbóin atá san atmaisféar ar an teocht, áfach.
An Ról atá ag Dé-Ocsaíd Charbóin
Rialaíonn plandaí an méid Dé-Ocsaíd Charbóin atá san atmaisféar. Tógann siad isteach carbón agus scaoileann siad amach ocsaigín trína nduilleoga i rith sholas an lae (fótaisintéis a thugtar air seo). Scaoileann siad carbón ar ais san atmaisféar nuair a lobhann siad tar éis dóibh bás a fháil. Má dhóitear plandaí scaoileann siad amach an carbón láithreach, áit a dtógann lobhadh tamall fada.
Breoslaí Iontaise
Is plandaí iad seo nach lobhann toisc nach bhfuil na coinníollacha ceart agus mar sin is móin, gual, ola agus gás nádúrtha a fhaighimid. Is ón atmaisféar, i rith tréimhe an-fhada 350 milliún bliain ó shin, a chruinnigh siad an carbón atá iontu. Scaoiltear amach an-sciobtha é seo nuair a dhóitear inniu iad, dá bhrí sin ag méadú go tapa an leibhéal Dé-Ocsaíd Charbóin atá san atmaisféar.
Athrú Aeráide agus Téamh Domhanda
Tarlaíonn sé seo mar thoradh ar ardú i leibhéil Dé-Ocsaíd Charbóin san atmaisféar.
Cad is féidir linn a dhéanamh?
Toisí eolaíochta a chur ar fáil trí thaifead cruinn a dhéanamh ar theacht an Earraigh sa cheantar. Úsáid níos lú breoslaí iontaise ó lá go lá - iarr moltaí ar an rang maidir le hiompar, an córas teasa sa bhaile, gníomhaíochtaí chun fuinneamh a shábháil, srl.
Naisc le Snáitheanna eile Eolaíochta
Feasacht agus Cúram Imshaoil: Cúram a dhéanamh den Imshaol, den Eolaíocht agus den Imshaol.
Ábhair: Airíonna agus Tréithe Ábhar
Fuinneamh agus Fórsaí: Solas, Teas
Naisc le snáitheanna eile curaclaim
Feasacht agus Cúram Imshaoil: Imshaoil Nádúrtha - Aimsir, Imshaoil Dhaonna.
Ábhair: Staidéir Áitiúla - Mo cheantar áitiúil i gcaitheamh na mblianta, Scéalta - Miotais agus Finscéalta, Leanúnachas agus Athrú le gluaiseacht ama - Fuinneamh agus Cumhacht.