Anailís 2008
Anailís Éanna Ní Lamhna
D'éirigh go han-mhaith lenár mbunscoileanna turgnamh eolaíoch Greenwave a chur i gcrích i rith 2008. Idir 1 Feabhra agus deireadh Bealtaine fuaireamar 2,500 clárú oifigiúil ó gach cearn den tír. Méadú ollmhór a bhí ann i gcomparáid le 2007 nuair a cuireadh 1,200 clárú oifigiúil chugainn.
Cláraíodh 6 speiceas i rith 2008 – ba é an frog an speiceas nua. Bhí comharthaí an earraigh ann cheana féin nuair a thosaigh an suirbhé i mí Feabhra. Bhí Sabhaircíní i mbláth cheana féin i Luimneach, Tiobraid Árann agus i gCorcaigh ag tús mhí Feabhra. Bhí aimsir an-te againn i bhFeabhra agus chabhraigh seo go mór le fás na sabhaircíní. Bhí líon ollmhór daoine ag clárú amhairc faoi 14ú Feabhra agus faoi 2ú Márta bhí sabhaircíní i mbláth i ngach contae in Éirinn. Scéal eile ar fad a bhí ann i 2007 nuair nár thosaigh na sabhaircíní ach ag bláthú i mí an Mhárta – mí iomlán níos déanaí na 2008.
Bhí na froganna amuigh go luath freisin agus nuair a thosaigh an suirbhé i mí Feabhra chláraigh paistí go gasta go raibh síol froganna ann cheana féin. Ba as Corcaigh, Ciarraí agus Luimneach na páistí is luaithe a chláraigh an t-eolas seo. Bhí líon mór páistí ag clárú ar fud mhí Feabhra agus faoin deichiú lá de mhí an Mhárta bhí an séasúr thart – ní raibh aon eolas eile á gclárú. Cláraíodh síol froganna i ngach contae – bhí 490 clárú ann san iomlán.
Bhí páistí Greenwave ina bhfairtheoir le haghaidh crann cnó capaill agus sceach gheal i Márta 2008. In 2007 bhí meánteocht de 6.8 chéim ag Márta i seachtain a haon, 8.96 i seachtain a dó agus 5.83 i seachtain a trí. In 2008 bhí sé 7 gcéim Celsius i seachtain a haon, agus ní raibh an meánteocht ach 6 chéim Celsius don chuid eile den mhí. Mar thoradh air seo is i bhfad níos déanaí a tháinig na duilleoga ar an gcrann cnó capaill in 2008. Níor tharla pléascadh bachlóige i ndáiríre go dtí na chéad trí seachtaine de mhí Aibreáin in 2007. Mar sin de, i gcás an chrainn cnó capaill bhí an tonn glas (Greenwave) trí seachtaine níos déanaí in 2008 ná a bhí in 2007.
B'ionann an scéal i gcás na sceach gheal – ar meán bhí siad dhá sheachtain níos déanaí in 2008 ná in 2007. Thosaigh duilleoga ag teacht ar an gcuid is mó de na seacha geala timpeall 27 Márta agus lean sin ar aghaidh ar feadh trí seachtaine go dtí 18 Aibreán. In 2007 thosaigh duilleoga ag teacht ar na sceacha geala dhá sheachtain níos luaithe ar 12 Márta, agus faoi 2 Aibreán bhí duilleoga ar na sceacha geala ar fud na tíre.
Tháinig na fáinleoga in Aibreán in 2008 mar a tháinig siad in 2007. Chuir gaotha aduaidh stop leis an gcuid is mó acu ag teacht go luath ag tús mhí Aibreáin. Níor cláraíodh mórán díobh go luath, ach thosaigh an chuid is mó díobh ag teacht i ndiaidh 10 Aibreán. Roimh dheireadh mhí Aibreáin cláraíodh iad i ngach contae. B'ionann an scéal in 2007. Thosaigh siad ag sroicheadh na tíre ar 8 Aibreán agus bhí siad uile anseo roimh dheireadh na míosa sin.
Mar a tharla in 2007, ba iad na fuinseoga na crainn dheireanacha ar tháinig duilleoga orthu in 2008. Ach bhí siad i bhfad níos luaithe ná a bhí siad in 2007. Thosaigh duilleoga ag teacht orthu timpeall 1ú lá d'Aibreán agus lean siad ar aghaidh mar sin go leanúnach ar fud Aibreáin agus go luath i mBealtaine. Faoi 8 Bealtaine bhí an tonn ghlas (greenwave) thart – bhí duilleoga ar na crainn ar fud na hÉireann. I rith 2007 cláraíodh an chuid is mó de na fuinseoga idir 12 Aibreán agus 1 Bealtaine – thosaigh an tonn níos moille ach bhog sí níos gasta.
Mar sin de le gach rud san áireamh, bhí Earrach 2008 an-suimiúil. Bhí a lán rudaí ag dul ar aghaidh i bhFeabhra; bhí na sabhaircíní i mbláth mí iomlán níos luaithe agus bhí síol froganna gach áit. Níor mhair an t-earrach luath áfach, agus bhí crainn cnó capaill agus sceacha geala dhá nó trí seachtaine níos moille in 2008 ná a bhí siad in 2007. Bhí na fáinleoga mar an gcéanna agus bhí fuinseoga dhá seachtain níos luaithe in 2008 ná in 2007. Mar sin de, feicfidh tú cén fáth a bhfuil tábhacht le rudaí a chlárú gach bliain. Ar an mbealach seo is féidir linn comparáid a dhéanamh idir blianta éagsúla agus feicfimid na treochtaí atá ag tarlú. Nuair a bheidh go leor blianta cláraithe againn beimid in ann a fheiceáil conas atá athrú aeráide ag dul i bhfeidhm ar na plandaí agus ainmhithe a roghnaímid agus ar cad atá ag tarlú dár tonn ghlas (greenwave).
Anailís Gerald Fleming
Gach bliain bíonn an séasúr céanna ann, ach is rud sainiúil éagsúil é gach séasúr. I rith 2008, bhí aimsir bhog againn ag tús an earraigh, go háirithe sa dara seachtain d'Fheabhra, agus is féidir linn a fheiceáil gur chuir seo go mór le líon na n-amharc i gcás sabhairc agus síol froganna. Go deimhin bhí na sabhaircíní mí iomlán amháin níos luaithe ná in 2007, nuair a tháinig an chuid is mó de na hamhairc isteach i Márta. Maidir le sabhaircíní agus síol froganna, bhí na hamhairc is luaithe sa deisceart agus san oirthear; ansin bhí na chéad amhairc eile gar do chósta an iarthair, agus is rud beag níos moille ná sin a tháinig na hamhairc isteach ó lár na tíre.
In earrach '08 bhí gné amháin den aimsir neamhghnách, is é sin, bhí aimsir bhreá ann sa tuaisceart agus san iarthuaisceart; bhí sé tirim agus an-ghrianmhar. Go deimhin, i mí an Mhárta, i mí Aibreáin agus i mí Bealtaine i bhfíorthuaisceart na tíre – Cionn Mhálanna – bhí sé níos grianmhaire ná a bhí in aon áit eile in Éirinn. Is rud an-neamhghnách é seo; de ghnáth is é an t-oirdheisceart an áit is grianmhaire; uaireanta is é an cósta thoir nó theas an áit is grianmhaire. Chonaiceamar tionchar na haimsire ghrianmhaire seo nuair a tháinig a lán amharc isteach ó Dhún na nGall.
Mí eile ghrianmhar ba ea Márta 2008 ach bhí sí fliuch agus in amanna bhí sí fuar amach is amach. Tá an cruth céanna beagnach ar na graif a bhaineann leis na sceacha geala agus leis na crainn cnó capaill; níor cuireadh ach cúpla amharc chugainn i bhFeabhra agus i Márta agus go tobann bhí méadú ann ag tús mhí Aibreáin. In 2008 bhí saoire na Cásca go luath agus bhí a lán díobh ag dul ar ais ar scoil agus is é seo an rud is cúis leis an méadú! Ach is moille a bhí na sceach gheal agus na crann cnó capaill in 2008 (faoi chúpla seachtain) ná in 2007.
In Aibreán 2008 bhí cúpla lá an-tirim ann ag an tús ach níor mhair sin; thit na teochtaí go tapa agus bhí tréimhse an-fhuar ann ar fud lár na míosa, agus bhí a lán seaca ann. Bhí tréimhse socair gearr ann san aimsir fhuar seo, agus ba leor seo chun na fáinleoga a mhealladh agus tháinig siadsan den chuid is mó idir an dara agus an ceathrú seachtain in Aibreán. Cé go raibh sé fuar, bhí sé grianmhar arís agus bhí thart ar 20% níos mó gréine ná a bhíonn ann de ghnáth.
Bhí an líon is mó de na hamhairc cláraithe faoi na fuinseoga fuinseoga idir an tríú seachtain d'Aibreán agus an chéad seachtain de Bhealtaine. Bhí an aimsir in Éirinn go han-mhaith i mBealtaine nuair a bhí na teochtaí os cionn 20 céim trasna cuid mhaith den tír i rith an dara seachtain den mhí. Scéal eile ar fad a bhí ann in 2007 – bhí aimsir an-bhreá againn níos luaithe, i rith mhí Aibreán – ní raibh mórán difir i bpatrún pléascadh bhachlóg na fuinseoige, mar sin de, tá seans ann gur moille a fhreagraíonn an crann seo do na hathruithe i soilsiú gréine agus i dteocht ó bhliain go bliain.
Bhí tréimhse gréine ann agus bhí sé te sa dara seachtain de Bhealtaine 2008 – blas luath den samhradh. Dá bharr seo bhí na bachlóga ag pléascadh i ngach áit chun obair an earraigh a chur i gcrích sa nádúr agus chun an tonn ghlas (greenwave) a thabhairt go gach cearn den tír.